Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Cathal Seoighe: An treise an dúchas ná an oiliúint? B’fhearr ceist a chur ar an eolaí…
Episode Description
In Ollscoil na Gaillimhe atá Helen do phaiste cainte na seachtaine seo, mar ar chas sí leis an eolaí an tOllamh Cathal Seoighe chun cuid de cheisteanna móra na beatha agus an bháis a phlé. Éiríonn go seoigh leo na cesiteanna sin a chur trí chéile agus leathshúil amach an fhuinneog acu ar eagla go dtiocfadh lucht clampála an champais.
Tá suas le hochtó míle géin sa ghéanóm s’againne agus a cúram féin ar gach aon cheann acu. An mó ceann acu a fhaigimid ónár dtuismitheoirí? Cad iad na tréithe a iompraíonn siad, agus cén rian a fhágann siad orainn? An raibh an ceart ag an seandream a dúirt, ‘ó, tá sé sa bhfuil aige’ nó an fíor an seanfhocal gur treise dúchas ná oiliúint?
Níl ansin ach cuid de na ceisteanna atá faoi chaibidil againn ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste Cainte’.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.